13 Nuair a bhí an racht fáidheoireachta curtha de ag Sól, chuaigh sé ar ais [isteach sa teach],
14 agus d'fhiafraigh a uncail de féin agus dá shearbhónta: “Cá ndeachaigh sibh?” D'fhreagair sé: “Ag lorg na n‑asal, agus nuair a chonaiceamar nach bhféadaimis iad a fháil, chuamar go Samúéil.”
15 Dúirt uncail Shóil ansin: “Inis dom, más ea, céard a dúirt Samúéil libh.”
16 Dúirt Sól lena uncail: “Ní dhearna sé ach a rá go bhfuarthas na hasail,” agus níor inis sé focal dó dá ndúirt Samúéil faoi ghnó na ríogachta.
17 Ghlaoigh Samúéil ar an bpobal go léir le chéile chun an Tiarna i Mizpeá,
18 agus dúirt le clann Iosrael: “Seo mar a deir an Tiarna, Dia Iosrael: ‘Thug mé Iosrael aníos as an Éigipt agus shaor mé sibhse ó chumhacht na nÉigipteach, agus na ríochtaí go léir a bhí do bhur gciapadh.’
19 Thug sibh droim le bhur nDia inniu, an té sin a shaor sibh ó bhur ngátar agus ó bhur ngábha go léir; dúirt sibh: ‘Ní amhlaidh a bheidh, ach ceap rí orainn.’ Tagaigí i láthair an Tiarna, más ea, de réir treibhe agus fine.”