21 Ansin thug sé treibh Bhiniáimin i láthair, fine ar fhine, agus thit an crann ar fhine Mhatraí; ansin [ar deireadh thug sé fine Mhatraí i láthair ina nduine agus ina nduine] agus thit an crann ar Shól mac Chís. Chuadar á lorg ach ní raibh sé le fáil in aon áit.
22 Chuir siad ceist ar an Tiarna arís: “Ar tháinig an fear úd anseo?” “Siúd é i bhfolach sa bhagáiste é,” arsa an Tiarna.
23 Ritheadar chuige mar sin, agus thugadar amach as sin é agus nuair a sheas sé i measc an tslua bhí airde an chinn aige orthu go léir.
24 Ansin dúirt Samúéil leis an bpobal ar fad: “An bhfeiceann sibh an té a thogh an Tiarna? Níl a leithéid i measc an phobail ar fad.” Ansin rinne an pobal go léir comhgháir á rá: “Fad saoil don rí!”
25 Mhínigh Samúéil cearta agus dualgais an rí don phobal agus bhreac i leabhar iad agus chuir sé an leabhar sin i láthair an Tiarna. Scaoil sé an pobal uaidh ansin, gach duine abhaile chun a thí féin.
26 Chuaigh Sól freisin abhaile chun a thí i nGibeá, agus chuaigh an bhuíon gaiscíoch ar chorraigh Dia a gcroí in éineacht leis.
27 Ach bhí scraistí áirithe a dúirt: “Conas a d'fhéadfadh an duine seo sinn a shaoradh?” Bhí drochmheas acu air agus níor thugadar aon bhronntanas dó. Ach níor labhair sé focal.