17 Tháinig lucht creiche amach as campa na bhFilistíneach i dtrí dhíorma; chas díorma díobh i dtreo Ofrá go tír Sheúol;
18 díorma eile i dtreo Bhéit Horón, agus an tríú díorma i dtreo na teorann atá ag féachaint anuas ar Ghleann Zabóím i dtreo an fhásaigh.
19 Ní raibh oiread agus aon ghabha amháin i dtír Iosrael go léir, le heagla, a dúirt na Filistínigh leo féin, go ndéanfadh na hEabhraigh claimhte nó sleánna.
20 Ach théadh na hIosraelaigh go léir síos go dtí na Filistínigh chun faobhar a chur ar gach céachta agus matóg, tua agus brod.
21 Ba é an costas ná dhá thrian seicil ar chéachtaí agus ar mhatóga, agus trian seicil ar fhaobhar a chur ar thuanna, agus ar bhroid a dheisiú.
22 Lá catha [Mhicmeáis] ní raibh duine ar bith d'arm Shóil agus Iónátán a raibh claíomh ná sleá ina láimh seachas Sól agus a mhac Iónátán. 23 Ghabh buíon Filistíneach i dtreo Bhealach Mhicmeáis.