6 Nuair a chonaic slua Iosrael go rabhadar i gcúngrach (mar bhíothas ag brú go trom orthu), chuadar i bhfolach in uaimheanna, i bpluaiseanna, i gcarraigeacha, i dtuamaí agus i dtoibreacha.
7 Ghabh [a thuilleadh díobh] thar áthanna na Iordáine anonn go Gád agus Gileád. Bhí Sól fós i nGilgeál agus bhí a lucht leanúna go léir ar ballchrith.
8 D'fhan sé seacht lá, an fad a shocraigh Samúéil, ach níor tháinig Samúéil go Gilgeál, agus bhí an t‑arm ag tréigean Shóil agus ag scaipeadh.
9 Dúirt Sól más ea: “Tugaigí chugam an íobairt uileloiscthe agus na híobairtí comaoineach,” agus d'ofráil sé an íobairt uileloiscthe.
10 Nuair a bhí ofráil na híobartha uileloiscthe déanta aige, seo chuige Samúéil agus chuaigh Sól amach le casadh leis agus beannú dó,
11 ach dúirt Samúéil leis: “Cad tá déanta agat?” D'fhreagair Sól: “Chonaic mé an t‑arm do mo thréigean, agus á scaipeadh, agus ní raibh tusa tagtha faoin lá a ceapadh, ach bhí na Filistínigh ag tionól i Micmeáis.
12 Dúirt mé liom féin: ‘Tá na Filistínigh ar tí mé a ionsaí ag Gilgeál, agus níor impigh mé fabhar an Tiarna.’ Níorbh fholáir liom beart a dhéanamh agus d'ofráil mé an íobairt uileloiscthe mé féin.”