9 Dúirt Sól más ea: “Tugaigí chugam an íobairt uileloiscthe agus na híobairtí comaoineach,” agus d'ofráil sé an íobairt uileloiscthe.
10 Nuair a bhí ofráil na híobartha uileloiscthe déanta aige, seo chuige Samúéil agus chuaigh Sól amach le casadh leis agus beannú dó,
11 ach dúirt Samúéil leis: “Cad tá déanta agat?” D'fhreagair Sól: “Chonaic mé an t‑arm do mo thréigean, agus á scaipeadh, agus ní raibh tusa tagtha faoin lá a ceapadh, ach bhí na Filistínigh ag tionól i Micmeáis.
12 Dúirt mé liom féin: ‘Tá na Filistínigh ar tí mé a ionsaí ag Gilgeál, agus níor impigh mé fabhar an Tiarna.’ Níorbh fholáir liom beart a dhéanamh agus d'ofráil mé an íobairt uileloiscthe mé féin.”
13 D'fhreagair Samúéil Sól: “Is baoth an beart a rínne tú. Níor chuir tú an t‑ordú a thug an Tiarna do Dhia duit i gcrích; óir dhaingneodh an Tiarna do fhlaitheas ar Iosrael go brách.
14 Anois, ámh, ní mhairfidh do fhlaitheas; chuardaigh an Tiarna agus fuair sé fear de réir a chroí féin, agus cheap sé é mar thaoiseach ar a phobal mar nár chuir tú i gcrích na nithe a d'ordaigh an Tiarna duit.”
15 D'éirigh Samúéil agus d'imigh leis ó Ghilgeál go Gibeá Bhiniáimin.Chomhair Sól an mhuintir a bhí in éineacht leis, timpeall sé chéad fear.