1 Dúirt Samúéil le Sól: “Mise an té a sheol an Tiarna chun tú a ungadh i do rí ar Iosrael, a phobal. Tabhair cluas dá réir sin do bhriathra an Tiarna.
2 Seo mar a deir Tiarna na Slua: ‘Déanfaidh mé díoltas ar son a ndearna Amáiléic ar Iosrael nuair a chuir sé ina gcoinne agus iad ar an mbealach aníos as an Éigipt.
3 Téigh anois agus buail Amáiléic agus cuir é féin agus a bhfuil aige faoin mbang. Ná tabhair anacal dó, ach scrios é idir fhear agus bhean, leanbh agus bhunóc, dhamh agus chaora, chamall agus asal.’ ”
4 Rinne Sól an pobal a thionól agus á áireamh i dTaláím, dhá chéad míle coisí, agus deich míle d'fhir Iúdá.
5 Tháinig Sól go cathair Amáiléic agus chuaigh in eadarnaí sa ghleann.
6 Agus dúirt Sól leis na Céinigh: “Seo libh síos! Imígí, fágaigí bhur mbailte i measc na nAmáiléiceach le heagla go scriosfainn sibhse mar aon leo, óir bhí sibh cineálta le clann Iosrael go léir nuair a thángadar ón Éigipt aníos.” Scar na Céinigh dá bhrí sin ó na hAmáiléicigh.