17 Dúirt Samúéil: “Bíodh gur beag an meas atá agat ort féin nach bhfuil tú i do cheann ar threibheanna Iosrael? Rinne an Tiarna thú a ungadh i do rí ar Iosrael
18 agus sheol an Tiarna ar mhisean thú á rá: ‘Imigh agus leag na peacaigh úd, na hAmáiléicigh, faoin mbang agus troid ina n‑aghaidh nó go scriosfar iad.’
19 Cad chuige mar sin nár gheill tú do ghlór an Tiarna? Cad chuige ar thug tú ruathar ar an gcreach agus an rud is olc i bhfianaise an Tiarna a dhéanamh?”
20 D'fhreagair Sól Samúéil: “Ní amhlaidh a bhí; ach ghéill mé do ghlór an Tiarna, agus chuaigh mé ar an misean ar ar sheol an Tiarna mé; thug mé Agag rí na nAmáiléiceach liom agus leag mé na hAmáiléicigh faoin mbang.
21 Ach thug an pobal leo ón gcreach togha na gcaorach agus na ndamh a bhí faoin mbang le híobairt don Tiarna do Dhia i nGilgeál.”
22 Ach d'fhreagair Samúéil:“An fearr leis an Tiarna tabhartais loiscthe agus íobairtíná go n‑éistfí go humhal le glór an Tiarna?Féach! is fearr umhlaíocht ná íobairt,is fearr géilliúlacht ná geir reithí.
23 Peaca asarlaíochta is ea an cheannairc.Éigeart agus íoladhradh is ea an easumhlaíocht.Toisc gur thug tusa an diúltú do bhriathar an Tiarna,thug seisean an diúltú duitse mar rí.”