28 Dúirt Samúéil leis: “Tá ríocht Iosrael stróicthe uait inniu ag an Tiarna agus tugtha aige do chomharsa duit, is fearr d'fhear ná thú.
29 Ach dá ainneoin sin, ní inseoidh Glóir Iosrael bréag ná ní rachaidh ar gcúl ina fhocal; mar ní duine é le go rachadh sé ar gcúl ina fhocal.”
30 “Pheacaigh mé,” arsa [Sól], “ach tabhair urraim éigin dom i láthair seanóirí mo phobail agus i láthair Iosrael, agus fill ar ais liom le go ndéanfainn an Tiarna do Dhia a adhradh.”
31 Lean Samúéil Sól ar ais más ea agus rinne Sól an Tiarna a adhradh.
32 Ansin dúirt Samúeil: “Tugaigí Agag rí Amáiléic chugam,” agus tháinig Agag chuige [in aghaidh a chos]. “Is searbh an deoch é an bás,” ar sé.
33 Dúirt Samúéil:“Mar a d'fhág do chlaíomh mná gan chlann,Fágfar do mháthair gan chlann i measc na mban.”Ansin rinne Samúéil Agag a choscairt ina ablach i láthair an Tiarna i nGilgeál.
34 Chuaigh Samúéil go Rámá, agus chuaigh Sól suas chun a thí i nGibeá le Sól.