15 (Bhíodh Dáiví ar a sheal ag déanamh seirbhíse do Shól agus ag aoireacht caoirigh a athar i mBeithil.
16 Thagadh an Filistíneach ina láthair agus sheasadh sé ansiúd gach maidin agus trathnóna ar feadh daichead lá.)
17 Dúirt Ieise le Dáiví a mhac: “Beir leat an t‑éafá seo de ghrán tíortha agus na deich mbuilíní seo go dtí do dheartháireacha, agus brostaigh ort go campa do dheartháireacha,
18 agus beir leat na deich gcáiseanna seo leo go dtí a n‑oifigeach míle; cuir tuairisc sláinte do dheartháireacha agus tabhair comhartha éigin ar ais uathu.
19 Tá siad le Sól agus leis na hIosraelaigh go léir i nGleann Éileá, ag troid in aghaidh na bhFilistíneach.”
20 D'éirigh Dáiví go moch ar maidin, d'fhág aoire i bhfeighil na gcaorach, d'ardaigh leis an lón, agus d'imigh mar a d'ordaigh Ieise dó. Tháinig sé go dtí an longfort agus an slua ag dul amach chun a láithreacha troda, agus an gháir chatha á cur in airde acu.
21 Chóirigh Iosrael agus na Filistínigh iad féin in eagar catha ar aghaidh a chéile amach.