2 Chruinnigh Sól agus fir Iosrael chomh maith agus shuíodar a gcampa i nGleann Éileá agus chóiríodar iad féin in eagar catha in aghaidh na bhFilistíneach.
3 Sheas na Filistínigh ar shliabh ar thaobh agus na hIosraelaigh ar shliabh ar an taobh eile agus gleann eatarthu.
4 Thainig gaiscíoch eadrána, darbh ainm Góla as Gat, amach as campa na bhFilistíneach; bhí sé sé bhanlámh go leith ar airde.
5 Bhí cafarr práis ar a cheann, lúireach mar chosaint air agus bhí cúig mhíle seicil de mheáchan práis sa lúireach sin.
6 Bhí buataisí práis ar a chosa agus ga práis thar a ghuaillí.
7 Bhí sáfach a shleá mar bhíoma fíodóra, agus sé chéad seicil de mheáchan iarainn mar cheann ar an tsleá sin. Bhí giolla roimhe amach ag iompar a scéithe.
8 Sheas sé os comhair sluaite Iosrael agus d'fhógair dóibh in ard a chinn agus a ghutha: “Cad ab áil libh amach do bhur gcur féin in eagar catha? Nach Filistíneach mise agus nach sibhse daoir Shóil? Toghaigí fear díbh féin agus tagadh sé anuas i mo aghaidh.