24 A luaithe a chonaic fir Iosrael an fear seo, theitheadar uaidh agus scéin ina gcroí.
25 Dúirt fir Iosrael: “An bhfaca tú an fear seo ag teacht aníos anois? Tá sé ag teacht chun dúshlán Iosrael a thabhairt. An té a mharóidh é, tabharfaidh an rí mórchuid maoine dó, agus a iníon le pósadh, agus tabharfaidh sé saoirse Iosrael do theaghlach a athar.”
26 Chuir Dáiví ceist ansin ar na fir a bhí ina seasamh taobh leis: “Cén luach saothair a gheobhaidh an té a mharóidh an Filistíneach seo agus a ghlanfaidh an smál d'Iosrael? Cé hé an Filistíneach seo gan timpeallghearradh a bhfuil sé de dhánaíocht aige masla a thabhairt do shluaite Dé bheo?”
27 Thug an slua an freagra céanna air á rá: “Sin é an luach saothair a thabharfar don té a mharóidh é.”
28 Eilíáb, an deartháir ba shine aige, chuala sé é ag caint leis na fir agus tháinig fearg air le Dáiví agus dúirt: “Cad a thug thusa anseo anuas? Cé a d'fhág tú i bhfeighil an chúpla caora úd san fhásach? Is eol dom d'uabhar agus an t‑olc i do chroí; tháinig tú ó dheas chun faire ar an gcath.”
29 D'fhreagair Dáiví: “Cad é seo anois atá déanta agam? Cad a bhí ann ach focal?”
30 Chas sé uaidh más ea le labhairt le duine eile, agus chuir sé an cheist chéanna air; agus fuair sé an freagra céanna ó gach duine.