27 Thug an slua an freagra céanna air á rá: “Sin é an luach saothair a thabharfar don té a mharóidh é.”
28 Eilíáb, an deartháir ba shine aige, chuala sé é ag caint leis na fir agus tháinig fearg air le Dáiví agus dúirt: “Cad a thug thusa anseo anuas? Cé a d'fhág tú i bhfeighil an chúpla caora úd san fhásach? Is eol dom d'uabhar agus an t‑olc i do chroí; tháinig tú ó dheas chun faire ar an gcath.”
29 D'fhreagair Dáiví: “Cad é seo anois atá déanta agam? Cad a bhí ann ach focal?”
30 Chas sé uaidh más ea le labhairt le duine eile, agus chuir sé an cheist chéanna air; agus fuair sé an freagra céanna ó gach duine.
31 Ach éisteadh le caint Dháiví agus rinneadh í a aithris do Shól agus chuir seisean fios air.
32 “Ná bíodh drochmhisneach ar aon duine mar gheall air,” arsa Dáiví le Sól, “rachaidh do shearbhónta anseo chun troda leis an bhFilistíneach seo.”
33 Dúirt Sól le Dáiví: “Ní féidir duitse dul chun troda i gcoinne an Fhilistínigh seo; níl ionat ach ógánach, agus is laoch gaile eisean óna óige.”