29 D'fhreagair Dáiví: “Cad é seo anois atá déanta agam? Cad a bhí ann ach focal?”
30 Chas sé uaidh más ea le labhairt le duine eile, agus chuir sé an cheist chéanna air; agus fuair sé an freagra céanna ó gach duine.
31 Ach éisteadh le caint Dháiví agus rinneadh í a aithris do Shól agus chuir seisean fios air.
32 “Ná bíodh drochmhisneach ar aon duine mar gheall air,” arsa Dáiví le Sól, “rachaidh do shearbhónta anseo chun troda leis an bhFilistíneach seo.”
33 Dúirt Sól le Dáiví: “Ní féidir duitse dul chun troda i gcoinne an Fhilistínigh seo; níl ionat ach ógánach, agus is laoch gaile eisean óna óige.”
34 Dúirt Dáiví le Sól: “Bhíodh do shearbhónta i bhfeighil a chaorach dá athair, agus nuair a thagadh leon nó beithir agus uan a sciobadh ón tréad
35 théinn sa tóir air, bhuailinn chun láir é, agus bhaininn as a bhéal é; dá dtabharfadh sé aghaidh orm, bhéarfainn ar mheigeall air agus bhuailfinn chun láir é agus mharóinn.