39 Chroch sé a chlaíomh os cíonn a éide [ar Dháiví]. Ach cheal taithí ar na fearais sin, níorbh fhéidir le Dáiví siúl leo. “Ní féidir dom siúl leo seo,” arsa Dáiví le Sól, “cheal taithí orthu.” Bhain Dáiví de arís ansin iad.
40 Rug sé greim ar a bhachall dá bhrí sin, thogh cúig clocha sleamhna as leaba an tsrutháin agus chuir chuige ina mhála nó ina sparán aoire iad; d'imigh sé leis ansin in aghaidh an Fhilistínigh agus a chrann tabhaill ina láimh aige.
41 Bhí an Filistíneach ag teacht agus ag druidim le Dáiví agus a ghiolla scéithe roimhe amach.
42 D'fhéach an Filistíneach agus chonaic Dáiví agus bhuail drochmheas air é, mar nach raibh ann ach ógánach, buachaill naíonta dealraitheach.
43 Dúirt an Filistíneach le Dáiví: “An madra mise, a rá go bhfuil tú ag teacht i m'aghaidh le bataí?” Agus chuir an Filistíneach mallacht ar Dháiví dar a dhéithe féin.
44 Dúirt an Filistíneach le Dáiví: “Gabh anseo i leith chugam agus tabharfaidh mé d'fheoil d'éanlaith an aeir agus d'ainmhithe an mhachaire.”
45 Ach d'fhreagair Dáiví an Filistíneach: “Tá tú ag teacht i m'aghaidh le claíomh agus le sleá agus le ga, ach táimse ag teacht i d'aghaidhse in ainm Tiarna na Slua, Dia airm Iosrael, ar thug tú a dhúshlán.