48 A thúisce a chorraigh arm na bhFilistíneach agus a dhruid chun tosaigh chun aghaidh a thabhairt ar Dháiví, [scar] Dáiví leis an líne chatha agus rith i gcoinne an Fhilistínigh.
49 Chuir Dáiví a lámh ina mhála, thóg cloch as, agus chaith as a chrann tabhaill í gur bhuail an Filistíneach i gclár a éadain; ghabh an chloch trí chlár a éadain agus thit sé ar a bhéal ar an talamh.
50 Sin mar a rug Dáiví bua ar an bhFilistíneach le crann tabhaill agus le cloch gur bhuail an Filistíneach agus gur mharaigh é, gan aon chlaíomh ina láimh ag Dáiví.
51 Rith Dáiví ansin go dtí an Filistíneach, sheas os a chionn, rug greim ar a chlaíomh siúd, tharraing as a thruaill é, agus mharaigh é agus bhain an ceann de leis. Nuair a chonaic na Filistínigh go raibh a gcuradh marbh, theitheadar.
52 Ar aghaidh le fir Iosrael agus Iúdá ag cur a ngáir chatha astu agus chuireadar tóir ar na Filistínigh go himill Ghat agus go geataí Eacrón. Bhí Filistínigh ghonta sa chosair chró ar feadh an bhóthair ó Sheáraím go Gat agus Eacrón.
53 Nuair a d'fhill clann Iosrael ón tóir ar na Filistínigh, chreachadar a gcampa.
54 Rug Dáiví ceann an Fhilistínigh leis agus thug sé go Iarúsailéim é; ach choinnigh sé a airm ina bhoth féin.