50 Sin mar a rug Dáiví bua ar an bhFilistíneach le crann tabhaill agus le cloch gur bhuail an Filistíneach agus gur mharaigh é, gan aon chlaíomh ina láimh ag Dáiví.
51 Rith Dáiví ansin go dtí an Filistíneach, sheas os a chionn, rug greim ar a chlaíomh siúd, tharraing as a thruaill é, agus mharaigh é agus bhain an ceann de leis. Nuair a chonaic na Filistínigh go raibh a gcuradh marbh, theitheadar.
52 Ar aghaidh le fir Iosrael agus Iúdá ag cur a ngáir chatha astu agus chuireadar tóir ar na Filistínigh go himill Ghat agus go geataí Eacrón. Bhí Filistínigh ghonta sa chosair chró ar feadh an bhóthair ó Sheáraím go Gat agus Eacrón.
53 Nuair a d'fhill clann Iosrael ón tóir ar na Filistínigh, chreachadar a gcampa.
54 Rug Dáiví ceann an Fhilistínigh leis agus thug sé go Iarúsailéim é; ach choinnigh sé a airm ina bhoth féin.
55 Nuair a chonaic Sól Dáiví ag dul in aghaidh an Fhilistínigh dúirt sé le hAibnéar: “A Aibnéar, cé leis an t‑ógánach seo?” “Dar do bheo, a rí,” arsa Aibnéar, “nach eol dom.”
56 “Faigh amach,” arsan rí, “cé leis an slataire.”