8 Sheas sé os comhair sluaite Iosrael agus d'fhógair dóibh in ard a chinn agus a ghutha: “Cad ab áil libh amach do bhur gcur féin in eagar catha? Nach Filistíneach mise agus nach sibhse daoir Shóil? Toghaigí fear díbh féin agus tagadh sé anuas i mo aghaidh.
9 Má ritheann leis comhrac liom agus mé a mharú, ansin beimidne inár ndaoir agaibhse; ach má bhuaimse air, agus é a mharú, beidh sibhse in bhur ndaoir againne, ag déanamh seirbhíse dúinn.”
10 Lean an Filistíneach air: “Tugaim dúshlán sluaite Iosrael inniu; cuiridís fear chugam le comhrac aonair a dhéanamh liom.”
11 Nuair a chuala Sól agus Iosrael go léir na focail sin ón bhFilistíneach thit an lug ar an lag acu agus tháinig scéin orthu.
12 Mac le hEafrátach ó Bheithil darbh ainm Ieise a ba ea Dáiví. Bhí ochtar mac ag Ieise, agus le linn Shól bhí sé aosta cheana féin agus [anonn sna blianta].
13 D'imigh an triúr mac ba shine le Ieise agus leanadar Sól chun cogaidh. Seo iad ainmneacha an triúr mac a chuaigh chun cogaidh - Eilíáb an chéadghin, Aibíonádáb an dara mac agus Seamá an tríú mac.
14 Dáiví an sóisear; lean an triúr ba shine Sól.