1 Ach a raibh deireadh ráite aige le Sól bhí anam Iónátán snaidhmthe le hanam Dháiví agus thug Iónátán grá dó mar a dhéanfadh dá anam féin.
2 Ghlac Sól lena ais é, an lá sin agus ní ligfeadh sé dó filleadh ar theach a athar.
3 Rinne Iónátán conradh le Dáiví go dtabharfadh sé grá dó mar a dhéanfadh dá anam féin.
4 Bhain Iónátán de an fhallaing a bhí uime agus thug do Dháiví é; mar an gcéanna lena éide chatha, agus fiú a chlaíomh, a bhogha agus a chrios.