12 Bhí eagla ar Shól roimh Dháiví mar go raibh an Tiarna leis-sean ach é imithe ó Shól.
13 Dhíbir Sól óna láthair é dá réir sin agus rinne sé taoiseach míle de. Ghabhadh sé isteach agus amach ar cheann an tslua.
14 Bhí ag rith le Dáiví ina chúraimí go léir, agus bhí an Tiarna leis.
15 Agus nuair a chonaic Sól go raibh rith an rása leis, tháinig scéin air roimhe.
16 Ach bhí gean ag Iosrael go léir agus ag Iúdá ar Dháiví, mar gurbh é a dtaoiseach é ina n‑eachtraí go léir.
17 Ansin dúirt Sól le Dáiví: “Seo í an iníon is sine agam, Méarab; tabharfaidh mé duit í mar bhean; ach ní foláir duit seirbhís a dhéanamh dom go cróga agus cathanna an Tiarna a throid” - mar is é a shocraigh Sól ina aigne: “Nárab í mo lámhsa a leagfaidh ar lár é, ach lámh na bhFilistíneach.”
18 D'fhreagair Dáiví Sól á rá: “Cé hé mise, agus cé hiad mo mhuintir, agus teaghlach m'athar in Iosrael a rá go mbeinn i mo chliamhain ag an rí?”