14 Bhí ag rith le Dáiví ina chúraimí go léir, agus bhí an Tiarna leis.
15 Agus nuair a chonaic Sól go raibh rith an rása leis, tháinig scéin air roimhe.
16 Ach bhí gean ag Iosrael go léir agus ag Iúdá ar Dháiví, mar gurbh é a dtaoiseach é ina n‑eachtraí go léir.
17 Ansin dúirt Sól le Dáiví: “Seo í an iníon is sine agam, Méarab; tabharfaidh mé duit í mar bhean; ach ní foláir duit seirbhís a dhéanamh dom go cróga agus cathanna an Tiarna a throid” - mar is é a shocraigh Sól ina aigne: “Nárab í mo lámhsa a leagfaidh ar lár é, ach lámh na bhFilistíneach.”
18 D'fhreagair Dáiví Sól á rá: “Cé hé mise, agus cé hiad mo mhuintir, agus teaghlach m'athar in Iosrael a rá go mbeinn i mo chliamhain ag an rí?”
19 Ach nuair a tháinig a t‑am le Méarab iníon Shóil a thabhairt do Dháiví is do Aidriéil ó Mhaholá a tugadh í mar bhean.
20 Ansin thit Míceal, iníon le Sól, i ngrá le Dáiví. Insíodh é sin do Shól agus thaitin sé leis.