20 Ansin thit Míceal, iníon le Sól, i ngrá le Dáiví. Insíodh é sin do Shól agus thaitin sé leis.
21 Dúirt sé leis féin, “Sea, tabharfaidh mé dó í, agus beidh sí ina gaiste dó agus buailfidh lámh na bhFilistíneach é.” Dúirt Sól dá bhrí sin an dara huair le Dáiví: “Beidh tú i do chliamhain agam.”
22 Thug Sól ordú dá ghiollaí mar leanas dá bhrí sin: “Labhraigí le Dáiví os íseal agus abraigí: ‘Féach, tugann an rí gean duit agus tá cion ag a shearbhóntaí go léir ort; bí i do chliamhain ag an rí más ea.’ ”
23 Dúirt giollaí Shóil na nithe sin go léir i gcogar le Dáiví; agus d'fhreagair Dáiví: “An dóigh libh go bhfuil sé breá bog agamsa a bheith i mo chliamhain ag an rí agus mé gan mhaoin gan cháil.”
24 Ansin dúirt giollaí Shóil leis siúd: “A leithéid seo a dúirt Dáiví.”
25 D'fhreagair Sól: “Abraigí le Dáiví: ‘Níl de spré ón rí ach céad forchraiceann de chuid na bhFilistíneach mar dhíoltas ar naimhde an rí.’ ” Bhí Sól á bheartú go dtitfeadh Dáiví le láimh an bhFilistíneach.
26 Thug a ghiollaí an scéala seo do Dháiví agus bhí lúcháir air a mheas go mbeadh sé ina chliamhain ag an rí. Sula raibh an t‑am tagtha