27 d'éirigh Dáiví agus chuir chun bealaigh, é féin agus a chuid fear, agus mharaigh sé dhá chéad de na Filistínigh. Thug Dáiví a dhá gcéad forchraiceann leis agus chomhair ansiúd i láthair an rí iad, ionas go mbeadh sé ina chliamhain ag an rí. Ansin thug Sól a iníon Míceal dó mar bhean.
28 Thuig Sól go dianmhaith ansin go raibh an Tiarna le Dáiví, agus go raibh cion ag [teaghlach Iosrael go léir] air,
29 agus ba mhóide a eagla roimh Dháiví agus rinne de namhaid buan do Dháiví.
30 Théadh taoisigh na bhFilistíneach amach chun catha, ach gach uair a théidís chun catha ba mhó í caithréim Dháiví ná caithréim cheannairí Shóil go léir, agus bhí clú agus cáil dá réir air.