7 Is é a bhí á chanadh ag na mná agus iad ag rince:“Mharaigh Sól a mhílte,agus Dáiví a dheicheanna de mhílte.”
8 Tháinig cuthach ar Shól agus ghoill an chaint sin air. Agus dúirt sé: “Chuir siad na deicheanna de mhílte i leith Dháiví agus níor chuir siad i mo leithse ach na mílte. Níl de dhíth air anois ach an ríocht.”
9 Agus bhí Sól ag faire go géar ar Dháiví ón lá sin amach.
10 Lá arna mhárach ghabh drochspiorad ó Dhia greim de ruathar ar Shól, agus bhuail taom buile é ina theach, agus Dáiví ag seinm na cruite mar ba ghnáth leis gach lá. Bhí a shleá ina láimh ag Sól
11 agus thug Sól amas lena shleá air á rá leis féin: “Déanfaidh mé é a ghreamú den bhalla,” ach d'éalaigh Dáiví uaidh faoi dhó.
12 Bhí eagla ar Shól roimh Dháiví mar go raibh an Tiarna leis-sean ach é imithe ó Shól.
13 Dhíbir Sól óna láthair é dá réir sin agus rinne sé taoiseach míle de. Ghabhadh sé isteach agus amach ar cheann an tslua.