8 Tháinig cuthach ar Shól agus ghoill an chaint sin air. Agus dúirt sé: “Chuir siad na deicheanna de mhílte i leith Dháiví agus níor chuir siad i mo leithse ach na mílte. Níl de dhíth air anois ach an ríocht.”
9 Agus bhí Sól ag faire go géar ar Dháiví ón lá sin amach.
10 Lá arna mhárach ghabh drochspiorad ó Dhia greim de ruathar ar Shól, agus bhuail taom buile é ina theach, agus Dáiví ag seinm na cruite mar ba ghnáth leis gach lá. Bhí a shleá ina láimh ag Sól
11 agus thug Sól amas lena shleá air á rá leis féin: “Déanfaidh mé é a ghreamú den bhalla,” ach d'éalaigh Dáiví uaidh faoi dhó.
12 Bhí eagla ar Shól roimh Dháiví mar go raibh an Tiarna leis-sean ach é imithe ó Shól.
13 Dhíbir Sól óna láthair é dá réir sin agus rinne sé taoiseach míle de. Ghabhadh sé isteach agus amach ar cheann an tslua.
14 Bhí ag rith le Dáiví ina chúraimí go léir, agus bhí an Tiarna leis.