1 Dúirt Sól lena mhac Iónátán agus lena shearbhóntaí go léir nárbh fholáir Dáiví a mharú. Ach bhí an-chion ag Iónátán mac Shóil ar Dháiví
2 agus thug Iónátán rabhadh do Dháiví á rá: “Tá m'athair Sól ag iarraidh thú a mharú. Bí ar d'fhaichill, mar sin, maidin amárach; gabh i bhfolach in áit uaigneach éigin.
3 Agus gabhfaidh mise amach agus fanfaidh mé i gcomhluadar m'athar sa ghort mar a mbeidh tusa agus labhróidh mé le m'athair fút. Má fhaighim fios an scéil inseoidh mé duit é.”
4 Mhol Iónátán Dáiví dá athair, Sól, dá bhrí sin agus dúirt leis: “Ná déanadh an rí peaca in aghaidh a shearbhónta, Dáiví, mar ní dhearna seisean peaca i d'aghaidh, agus gach a ndearna sé, chuaigh sé go mór i dtairbhe duitse.