11 An oíche chéanna úd chuir Sól dream go teach Dháiví chun é a fhaire d'fhonn é a mharú maidin lá arna mhárach. Ach dúirt Míceal bean Dháiví leis: “Mura n‑éalaíonn tú le d'anam anocht, marófar thú amárach.”
12 Ansin scaoil Míceal Dáiví síos ón bhfuinneog, agus theith sé leis agus d'éalaigh.
13 Fuair Míceal an taráfaím, an íomhá, ansin agus leag ar an leaba é, chuir mothall d'fhionnadh gabhair ar a cheann, agus leag brat air á cheilt.
14 Nuair a sheol Sól lucht a ghafa go Dáiví, dúirt sí: “Tá sé tinn.”
15 Ach chuir Sól a ghiollaí ar ais chun Dáiví a fheiceáil á rá: “Tugaigí chugam aníos ar a leaba é ionas go maróinn é!”
16 Chuadar isteach dá bhrí sin agus ansiúd rompu ar an leaba bhí an taráfaím agus an mothall d'fhionnadh gabhair ar a cheann!
17 Ansin dúirt Sól le Míceal: “Cén fáth ar mheall tú mar seo mé agus ligean do mo namhaid imeacht agus éalú leis?” D'fhreagair Míceal Sól á rá: “Dúirt sé liom: ‘Lig dom imeacht, cén fáth thú a mharú?’ ”