18 Theith Dáiví agus d'éalaigh leis agus chuaigh go Samúéil i Rámá agus d'inis sé dó gach a ndearna Sól air. D'imigh sé féin agus Samúéil ansin agus chuireadar fúthu sna botháin.
19 Tháinig an scéala go Sól: “Tá Dáiví sna botháin i Rámá.”
20 Chuir Sól giollaí chun Dáiví a ghabháil. Nuair a chonaic siad cuallacht na bhfáithe ag fáidheoireacht agus Samúéil ansiúd i gceannas orthu, tháinig spiorad Dé ar ghiollaí Shóil agus rinneadarsan fáidheoireacht chomh maith.
21 Nuair a fuair Sól an scéala sin chuir sé giollaí eile uaidh, ach rinneadarsan fáidheoireacht chomh maith. Ansin chuir Sól giollaí eile fós den tríú huair, ach rinneadarsan fáidheoireacht chomh maith.
22 Chuaigh sé féin go Rámá ansin, agus tháinig sé go tobar [an urláir bhuailte ar an gcnocán maol] agus d'fhiafraigh: “Cá bhfuil Samúéil agus Dáiví?” D'fhreagair duine éigin: “Féach, tá siad sna botháin i Rámá.”
23 D'imigh sé leis ón áit sin go dtí na botháin i Rámá agus tháinig spiorad Dé airsean chomh maith agus, ar an mbealach do, bhí sé ag fáidheoireacht nó gur shroich sé na botháin i Rámá.
24 Chaith seisean leis a chuid éadaigh de agus bhí sé ag fáidheoireacht chomh maith i láthair Shamúéil agus d'fhan sé ansiúd sínte ar an talamh agus é nocht ar feadh an lae agus na hoíche sin. Uaidh sin an nath: “An bhfuil Sól freisin ar dhuine de na fáithe?”