1 Ansin ghuigh Hanná mar leanas:“Tá mórtas croí orm sa Tiarna.Cuireadh breis le mo neart sa Tiarna.Tá mo bheola ag déanamh fonóide faoi mo naimhde,Mar gur lúcháir liom do chumas slánaithe.
2 Níl aon neach naofa mar an Tiarna- níl aon neach seachas thú -Níl carraig mar ár nDia.
3 Cuir uait an chaint, an chaint uaibhreach sin.Ná bíodh sotal ag sceith as do bhéal,Mar Dia an eolais é an TiarnaAgus meánn seisean na bearta.
4 Briseadh bogha na dtréan,Ach chuir an mhuintir lag an neart mar chrios fúthu.
5 Reic an sách é féin ar arán,Ach tá cothú maith arís ar an seang.Tá seachtar clainne ag an aimrid,Ach tá máthair an áil mhóir tréigthe.
6 Tugann an Tiarna beatha agus bás.Seolann sé daoine síos go Seol agus iompraíonn daoine aníos;
7 Fágann an Tiarna duine saibhir, duine eile daibhir.Leagann ar lár agus ardaíonn in airde.