6 Tugann an Tiarna beatha agus bás.Seolann sé daoine síos go Seol agus iompraíonn daoine aníos;
7 Fágann an Tiarna duine saibhir, duine eile daibhir.Leagann ar lár agus ardaíonn in airde.
8 Tógann sé an bocht as an luaithreach;Ardaíonn sé na gátaraigh ón gcarn aoiligh,Á gcur ina suí le flathaAgus ag bronnadh cathaoir onóra orthu.Óir is leis an Tiarna colúin na cruinneAgus is orthu a bhunaigh sé an domhan.
9 Cumhdóidh sé a dhílsigh ar a mbealach;Ach scriosfar na ciontaigh sa dorchadas,Óir ní bheidh an bua ag aon duine trí láimh láidir.
10 Déanfar smidiríní de naimhde an Tiarna;Beidh an Té is Airde ag toirneach ina n‑aghaidh sna flaithis.Tugann an Tiarna a bhreith ar chríocha na cruinne;Bronnann sé neart ar a ríAgus breis cumhachta ar a ungthach.”
11 D'imigh Ealcáná abhaile go Rámá ansin, ach d'fhan an buachaill ag fónamh don Tiarna i láthair Éilí an sagart.
12 Scraistí a ba ea clann mhac Éilí, gan aon aird acu ar an Tiarna