1 Theith Dáiví ó na botháin i Rámá, agus tháinig sé agus labhair sé le Iónátán: “Cad a rinne mé as an tslí? Cén cion atá orm, agus cén choir a rinne mé in aghaidh d'athar a rá go bhfuil sé ar thóir m'anama?”
2 D'fhreagair seisean é: “Cuir uait agus ná bí den tuairim sin. Ní mharóidh sé thú. Féach, ní dhéanann m'athair aon ní, le tábhacht ná gan tábhacht, gan é chur faoi mo bhráid. Cén fáth a gceilfeadh m'athair é seo orm? Ní fíor é.”
3 Ach thug Dáiví mionn arís agus dúirt: “Is maith is eol do d'athair go bhfuil an-chion agatsa orm, agus deir sé leis féin: ‘Ná bíodh a fhios seo ag Iónátán nó goillfidh sé air.’ Ach dar an Tiarna beo, agus dar do bheo féin, níl ach coiscéim idir mise agus an bás.”
4 Ansin dúirt Iónátán le Dáiví: “Cad a theastaíonn uait a dhéanfainn duit?”