12 Ansin dúirt Iónátán le Dáiví: “Go raibh an Tiarna Dia Iosrael ina fhinné! Déanfaidh mé m'athair a thriail an taca seo amárach (nó an tríú lá); má bhíonn gach ní ina cheart maidir le Dáiví agus nach gcuirim sin in iúl dó,
13 ansin go ndéana an Tiarna a leithéid seo le Iónátán - agus a thuilleadh fós. Má bheartaíonn m'athair urchóid a dhéanamh duit, cuirfidh mé é sin in iúl duit agus seolfaidh mé chun siúil thú agus éalóidh tú gan díobháil, agus go raibh an Tiarna leat mar a bhíodh le m'athair.
14 Má mhairim fós, taispeáin dom cineáltas buan an Tiarna féin; má fhaighim bás
15 ná diúltaigh do chineáltas féin do mo theaghlach go brách. Nuair a scriosfaidh an Tiarna gach namhaid de chuid Dháiví de dhroim na talún,
16 ná scriostar ainm Iónátán ó theaghlach Dháiví, [nó éileoidh an Tiarna cuntas ar Dháiví]”
17 [Thug] Iónátán an mionn sollúnta arís do Dháiví dar a ghrá dó mar gur ghráigh sé é mar a rinne a anam féin.
18 Dúirt Iónátán leis: “Amárach an Ré Nua; braithfear ar iarraidh thú mar go mbeidh do shuíochán follamh.