17 [Thug] Iónátán an mionn sollúnta arís do Dháiví dar a ghrá dó mar gur ghráigh sé é mar a rinne a anam féin.
18 Dúirt Iónátán leis: “Amárach an Ré Nua; braithfear ar iarraidh thú mar go mbeidh do shuíochán follamh.
19 Arú amárach ámh, tógfar an-cheann de thú a bheith ar iarraidh, agus ní foláir duit dul chun na háite ina ndeachaigh tú i bhfolach lá an bhirt, agus fanacht taobh leis an gcarnán cloch ansiúd.
20 Maidir liomsa, scaoilfidh mé trí saigheada cliathánach leis mar a dhéanfainn le sprioc.
21 Ansin cuirfidh mé mo ghiolla uaim á rá: ‘Téigh agus faigh na saigheada.’ Má deirim leis an ngiolla: ‘Féach! tá na saigheada ar an taobh seo duit, beir leat iad,’ ansin ní miste duit teacht, mar beidh sé sábháilte agat agus ní bheidh aon chúis eagla agat dar an Tiarna beo.
22 Ach má deirim leis an ógánach: ‘Féach! tá na saigheada romhat amach.’ Ansin bailigh leat mar beidh an Tiarna é féin do do chur chun siúil.
23 Maidir leis an margadh a rinneamar lena chéile, mise agus tusa, sea, tá an Tiarna ina fhinné eadrainn go brách.”