24 Chuaigh Dáiví i bhfolach sna bánta; tháinig an Ré Nua agus shuigh an rí síos chun bia a ithe.
25 Shuigh an rí mar ba ghnáth leis sa chathaoir ag an mballa; [shuigh] Iónátán os a chomhair, agus shuigh Aibnéar taobh le Sól, ach bhí ionad Dháiví follamh.
26 Ach ní dúirt Sól aon ní an lá sin, mar shíl sé: “Tharla rud éigin dó; tá sé neamhghlan, tá sin go cinnte.”
27 Ach an dara lá, an lá tar éis na Ré Nua, bhí áit Dháiví fós follamh. Agus dúirt Sól le Iónátán a mhac: “Cad ina thaobh nár tháinig mac Ieise chun an bhéile inné ná inniu?”
28 D'fhreagair Iónátán Sól: “D'impigh Dáiví go díograiseach orm cead a thabhairt dó dul go Beithil:
29 ‘Lig dom dul,’ ar sé, ‘mar tá íobairt na fine againn sa chathair agus d'ordaigh mo dheartháir dom a bheith i láthair. Má réitíonn tú le m'iarratas más ea, lig dom imeacht agus mo dheartháireacha a fheiceáil.’ Sin é faoi deara dó gan teacht go bord an rí.”
30 Tháinig racht feirge ar Shól ansin le Iónátán agus dúirt sé leis: “A mhic na mná táire crosta! nach eol dom go bhfuil tú i gcomhar le mac Ieise, chun d'aithise féin agus aithise nochtacht do mháthar!