28 D'fhreagair Iónátán Sól: “D'impigh Dáiví go díograiseach orm cead a thabhairt dó dul go Beithil:
29 ‘Lig dom dul,’ ar sé, ‘mar tá íobairt na fine againn sa chathair agus d'ordaigh mo dheartháir dom a bheith i láthair. Má réitíonn tú le m'iarratas más ea, lig dom imeacht agus mo dheartháireacha a fheiceáil.’ Sin é faoi deara dó gan teacht go bord an rí.”
30 Tháinig racht feirge ar Shól ansin le Iónátán agus dúirt sé leis: “A mhic na mná táire crosta! nach eol dom go bhfuil tú i gcomhar le mac Ieise, chun d'aithise féin agus aithise nochtacht do mháthar!
31 Fad a mhairfidh mac Ieise beo ar talamh, ní bheidh tú féin ná do chearta rí daingean gan bhaol. Cuir fios air, dá bhrí sin, agus tabhair chugam é, óir tá an bás i ndán dó.”
32 Ansin d'fhreagair Iónátán Sól, a athair: “Cén fáth é a chur chun báis,” ar sé, “céard atá déanta aige?”
33 Ach chaith Sól urchar dá shleá leis lena leagan ar lár; thuig Iónátán ansin go raibh sé beartaithe ag a athair Dáiví a chur chun báis.
34 D'éirigh Iónátán ón mbord agus fraoch feirge air agus níor chaith sé aon bhia an dara lá sin den Ré Nua, mar gur ghoill cás Dháiví air mar gur mhaslaigh a athair é.