33 Ach chaith Sól urchar dá shleá leis lena leagan ar lár; thuig Iónátán ansin go raibh sé beartaithe ag a athair Dáiví a chur chun báis.
34 D'éirigh Iónátán ón mbord agus fraoch feirge air agus níor chaith sé aon bhia an dara lá sin den Ré Nua, mar gur ghoill cás Dháiví air mar gur mhaslaigh a athair é.
35 Maidin lá arna mharach ghabh Iónátán amach sna bánta chun na coinne a bhí aige le Dáiví, agus giolla óg ina theannta.
36 Dúirt sé lena ghiolla: “Rith agus faigh na saigheada atá le caitheamh agam,” agus fad a bhí an giolla ag rith chaith sé saighead roimhe amach.
37 Nuair a shroich an giolla an áit inar chaith Iónátán an tsaighead, ghlaoigh Iónátán chun an ghiolla agus dúirt: “Nach bhfuil an tsaighead romhat amach?”
38 Ghlaoigh Iónátán chun an ghiolla arís: “Brostaigh, corraigh ort, ná déan moill.” Bhailigh giolla Iónátán na saigheada agus tháinig ar ais chun a mháistir.
39 Ní raibh tuairim dá laghad ag an ngiolla i dtaobh cad a bhí i gceist; ag Iónátán agus ag Dáiví amháin a bhí fios an scéil.