9 D'fhreagair Iónátán: “Cuir uait, ná bí den tuairim sin. Dá mbeinnse cinnte de go raibh m'athair meáite ar olc a thabhairt sa mhullach ort, nach n‑inseoinn sin duit?”
10 Ansin d'fhiafraigh Dáiví de Iónátán: “Cé a inseoidh dom é má thugann d'athair freagra dolba ort?”
11 “Téanam,” arsa Iónátán le Dáiví, “téimis amach faoi na bánta.” D'imíodar araon amach faoi na bánta.
12 Ansin dúirt Iónátán le Dáiví: “Go raibh an Tiarna Dia Iosrael ina fhinné! Déanfaidh mé m'athair a thriail an taca seo amárach (nó an tríú lá); má bhíonn gach ní ina cheart maidir le Dáiví agus nach gcuirim sin in iúl dó,
13 ansin go ndéana an Tiarna a leithéid seo le Iónátán - agus a thuilleadh fós. Má bheartaíonn m'athair urchóid a dhéanamh duit, cuirfidh mé é sin in iúl duit agus seolfaidh mé chun siúil thú agus éalóidh tú gan díobháil, agus go raibh an Tiarna leat mar a bhíodh le m'athair.
14 Má mhairim fós, taispeáin dom cineáltas buan an Tiarna féin; má fhaighim bás
15 ná diúltaigh do chineáltas féin do mo theaghlach go brách. Nuair a scriosfaidh an Tiarna gach namhaid de chuid Dháiví de dhroim na talún,