12 Dúirt Sól: “Éist liom anois, a mhic Aichiteob.” D'fhreagair seisean: “Anseo dom, a thiarna.”
13 Agus dúirt Sól leis: “Cén fáth a ndearna sibh comhcheilg i m'aghaidh, thú féin agus mac Ieise, ag tabhairt aráin agus claímh dó, agus ag iarraidh comhairle Dé dó, i slí is go ndéanfadh sé ceannairc i m'aghaidh agus a bheith ag faire na faille orm, rud atá anois?”
14 D'fhreagair Aichímeilic an rí: “Cé hé i measc do shearbhóntaí go léir atá chomh dílis le Dáiví, cliamhain an rí, captaen ar gharda do chosanta, agus fear atá faoi ghradam i do theaghlach?
15 An é inniú an chéad uair riamh agam ag lorg comhairle Dé dó? I bhfad uaim a leithéid! Ná cuireadh an rí aon ní i leith a shearbhónta ná i leith a mhuintire go léir, mar bhí do shearbhónta dall ar fad ar an ngnó go léir.”
16 Ach d'fhreagair an rí: “Cuirfear chun báis thú, cuirfear sin go cinnte, a Aichímeilic, thú féin agus do mhuintir go léir.”
17 Agus dúirt an rí leis an díorma garda a bhí ína seasamh ina thimpeall: “Ar aghaidh libh agus cuirigí sagairt an Tiarna chun báis, mar gur thug siadsan freisin lámh chúnta do Dháiví; bhí a fhios acu go raibh sé ar teitheadh ach níor insíodar dom é.” Ach níorbh áil le searbhóntaí an rí lámh dhearg a imirt ar shagairt an Tiarna.
18 Ansin dúirt an rí le Doéig: “Ar aghaidh leat agus imir faobhar ar na sagairt.” Agus ar aghaidh le Doéig an tEadómach agus d'imir sé faobhar ar na sagairt, agus mharaigh sé cúigear agus ceithre fichid díobh siúd a chaith an t‑éafód lín an lá sin.