19 Agus Nob, cathair na sagart, d'imir Sól claíomh uirthi, agus chuir chun báis le faobhar claímh idir fhir agus mhná, leanaí agus naíonáin, eallach agus asail agus chaoirigh.
20 Ach d'éalaigh duine de chlann mhac Aichímeilic mac Aichiteob darbh ainm Aibíátár, agus theith sé leis chun Dáiví,
21 agus dúirt Aibíátár le Dáiví gur mharaigh Sól sagairt an Tiarna.
22 “Bhí a fhios agam an lá sin,” arsa Dáiví le hAibíátár, “nuair a bhí Doéig an tEadómach ann, go sceithfeadh seisean orm go cinnte le Sól. Mise is cionsiocair le bás gach duine de do mhuintirse go léir.
23 Fan faramsa! Ná bíodh eagla ort! An té atá ar tí d'anamasa, tá sé ar tí m'anamasa chomh maith! Beidh tú slán ó bhaol faramsa.”