10 Dúirt Dáiví le Sól ansin: “Cén fáth a dtugann tú aird ar dhaoine a deir: ‘Tá sé ar aigne ag Dáiví dochar a dhéanamh duit’?
11 Féach, chonaic tú le do shúile cinn inniu gur thug an Tiarna isteach i mo láimh thú sa phluais. Agus bhí siad ann a dúirt liom thú a mharú. Ach lig mé do bheo leat. Dúirt mé: ‘Ní shínfidh mé mo lámh amach in aghaidh mo thiarna, ós é fear ungtha an Tiarna é.’
12 Féach, a athair, go bhfuil íochtar do chlóca i mo láimh agam. Ghearr mé an t‑íochtar anuas de do chlóca, ach níor mharaigh mé thú. Caithfidh tú a thuiscint agus a fheiceáil, dá réir sin, nach bhfuil urchóid ná tréas ar aigne agam. Níor chiontaigh mé i d'aghaidh, bíodh go bhfuil tú sa tóir orm chun mé a mharú.
13 Go dtuga an Tiarna breithiúnas idir mé agus thú; go mbaine an Tiarna éiric díot ar mo shon; ach ní leagfaidh mise lámh ort.
14 (Seanfhocal le sinsireacht é: ‘Tagann an urchóid ón duine urchóideach,’ ach ní leagfaidh mise lámh ort.)
15 Cé ina dhiaidh ar tháinig rí Iosrael amach? Cé air a bhfuil tú sa tóir? Ar mhadra marbh? Ar dhreancaid?
16 Go raibh an Tiarna ina bhreitheamh mar sin agus go dtuga sé breithiúnas idir mé is tú; go bhféacha sé chuige agus breithiúnas a thabhairt ar mo shon agus mé a shaoradh ó do láimh.”