13 Go dtuga an Tiarna breithiúnas idir mé agus thú; go mbaine an Tiarna éiric díot ar mo shon; ach ní leagfaidh mise lámh ort.
14 (Seanfhocal le sinsireacht é: ‘Tagann an urchóid ón duine urchóideach,’ ach ní leagfaidh mise lámh ort.)
15 Cé ina dhiaidh ar tháinig rí Iosrael amach? Cé air a bhfuil tú sa tóir? Ar mhadra marbh? Ar dhreancaid?
16 Go raibh an Tiarna ina bhreitheamh mar sin agus go dtuga sé breithiúnas idir mé is tú; go bhféacha sé chuige agus breithiúnas a thabhairt ar mo shon agus mé a shaoradh ó do láimh.”
17 Nuair a bhí deireadh ráite ag Dáiví le Sól, dúirt Sól: “An é sin do ghuthsa, a Dháiví, a mhic?” Agus ghoil Sól os ard.
18 “Is ionraice thusa ná mise,” ar sé le Dáiví, “óir chúitigh tusa mise leis an maith, ach chúitigh mise thusa leis an olc.
19 Agus thaispeáin tú inniu a fheabhas a roinn tú liom sa mhéid nár mharaigh tú mé nuair a thug an Tiarna isteach i do láimh mé.