18 “Is ionraice thusa ná mise,” ar sé le Dáiví, “óir chúitigh tusa mise leis an maith, ach chúitigh mise thusa leis an olc.
19 Agus thaispeáin tú inniu a fheabhas a roinn tú liom sa mhéid nár mharaigh tú mé nuair a thug an Tiarna isteach i do láimh mé.
20 Óir má bheireann duine ar a namhaid, an ligfidh sé slán uaidh é? Go gcúití an Tiarna go maith leat a ndearna tú dom inniu.
21 Agus anois, féach, tá a fhios agam go mbeidh tú cinnte i do rí, agus go mbeidh ríocht Iosrael go daingean i do lámha.
22 “Mionnaigh dom anois dar an Tiarna nach ndéanfaidh tú mo shliocht i mo dhiaidh a dhíothú agus nach scriosfaidh tú m'ainm as teaghlach m'athar.”
23 Mhionnaigh Dáiví sin go léir do Shól, agus d'imigh Sól abhaile agus chuaigh Dáiví agus a lucht leanúna ar ais go dtí an daingean.