11 An dtógfaidh mise m'arán agus m'fhíon agus an fheoil a mharaigh mé do mo mheitheal bhearrtha agus sin a thabhairt do dhaoine nach eol dom cad as dóibh?”
12 Chas ógánaigh Dháiví ar a sáil agus d'fhilleadar an bealach a thángadar agus rinneadar an méid sin go léir a aithris do Dháiví.
13 Ansin dúirt Dáiví lena chuid fear: “Ceanglaíodh gach duine a chlaíomh air féin!” Agus cheangail gach duine a chlaíomh air féin; agus cheangail Dáiví a chlaíomh air féin chomh maith. Lean timpeall ceithre chéad fear Dáiví agus d'fhan dhá chéad leis an mbagáiste.
14 Thug duine de na seirbhísigh an scéala go hAibíogáil, bean Nábál. “Chuir Dáiví,” ar sé, “teachtairí ón bhfásach chun ceiliúradh dár máistir, ach thug sé aghaidh a chaoraíochta orthu.
15 Anois bhí na fir seo an-mhaith dúinn; níor chuireadar isteach orainn agus níor chailleamar aon ní i rith an ama go léir a bhíomar ina gcomharsanacht.
16 Ba sciath dídine dúinn iad de lá agus d'oíche le linn dúinn a bheith ag aoireacht ár gcaorach ina n‑aice.
17 Déan do mhachnamh air sin anois agus féach cad is féidir leat a dhéanamh mar tá sé beartaithe drochíde a imirt ar ár maistir agus ar a theaghlach go léir, agus tá sé féin chomh ciotrúnta sin nach féidir d'aon duine focal a rá leis.”