18 Ansin tháinig fuadar faoi Aibíogáil; fuair sí dhá chéad builín, dhá sheithe fíona, chuig caora feannta deasaithe, cúig thomhas de ghrán tíortha, céad crobhaing rísíní, dhá chéad císte figí, agus leag sí ar asail iad.
19 Agus dúirt sí lena giollaí: “Ar aghaidh libh romham amach. Beidh mise ar bhur sála.” Ach níor inis sí aon ní dá fear, Nábál.
20 Agus í ag marcaíocht ar a hasal le fána faoi speirín sléibhe, seo chuici anuas ina treo Dáiví agus a chuid fear, agus bhuail sí leo.
21 Is é a bhí ráite, más ea, ag Dáiví: “Ba obair in aisce agam, go cinnte, a bheith ag cosaint mhaoin an fhir úd san fhásach! Níor cailleadh aon phioc dá raibh aige, ach féach gur olc a chúitigh sé an mhaith liom.
22 Go ndéana Dia seo agus siúd agus a thuilleadh fós le Dáiví má fhágaim oiread agus fear dá mbaineann leis beo faoi mhaidin!”
23 A luaithe a chonaic Aibíogáil Dáiví, tháinig sí anuas dá hasal faoi dheifir, chaith í féin ar a béal os comhair Dháiví, agus chrom chun talún.
24 Chaith sí í féin ag a chosa agus dúirt: “Cuir an milleán seo ormsa amháin, a thiarna. Tabhair cluas do do bhanóglach, le do thoil, agus éist le focail do bhanóglaigh.