25 Ná bíodh aon aird agat ar Nábál an drochmhianaigh, mar is cuma a nádúr nó a ainm; tuathalachán a ainm agus is tuathalach a mheon. Ach ní fhaca mise, do bhanóglach, na saighdiúirí a chuir mo thiarna.
26 Anois, a uasail, dar an Tiarna beo, agus dar d'anam beo, agus dar an Tiarna a choinnigh thú ó choir na fola, agus ó dhíoltas a imirt le do láimh féin, go n‑imí an íde chéanna le Nábál ar do naimhde agus ar gach duine a bheartaíonn an t‑olc in aghaidh mo thiarna.
27 Maidir leis an mbronntanas atá á thabhairt ag do bhanóglach go dtí mo thiarna, tugtar é do na hógánaigh, lucht leanúna mo thiarna féin.
28 Maith a cionta do do bhanóglach agus déanfaidh an Tiarna ríshliocht daingean a dheonú do mo thiarna, mar tá mo thiarna ag troid cathanna an Tiarna, agus ní bheidh urchóid le fáil ort i gcaitheamh do shaoil go léir.
29 Má théann daoine sa tóir ort agus iarracht a dhéanamh ar thú a mharú, beidh anam mo thiarna slán i dtiach na beatha ag an Tiarna, do Dhia; maidir le hanam do naimhde, caithfidh sé uaidh iad, mar a dhéanfadh clocha as crann tabhaill.
30 Nuair a bheidh gach ní cóir atá geallta aige fút déanta ag an Tiarna do mo thiarna, nuair a bheidh tú ceaptha i do thaoiseach ar Iosrael aige,
31 ná bíodh aon chúis cháisimh ná aifeála ar mo thiarna de bharr fuil a dhoirteadh gan ghá, ná éiric a bhaint amach le do láimh féin. Nuair a thaispeánfaidh an Tiarna a fhéile do mo thiarna, ansin cuimhnigh ar do bhanóglach.”