31 ná bíodh aon chúis cháisimh ná aifeála ar mo thiarna de bharr fuil a dhoirteadh gan ghá, ná éiric a bhaint amach le do láimh féin. Nuair a thaispeánfaidh an Tiarna a fhéile do mo thiarna, ansin cuimhnigh ar do bhanóglach.”
32 Dúirt Dáiví le hAibíogáil: “Is beannaithe an Tiarna Dia Iosrael a chuir thú i mo threo inniu!
33 Gura beannaithe d'eagna, agus gura beannaithe thú féin, de bharr mé a chosc inniu ó choir na fola, agus ó éiric a bhaint amach le mo láimh féin!
34 Ach dar an Tiarna Dia Iosrael a mhaireann beo, agus a choisc mé ó dhíobháil a dhéanamh duit, mura mbeadh tú a bhrostú amach i mo choinne, dar m'fhocal, ní bheadh oiread agus fear fágtha beo ag Nábál faoi mhaidin.”
35 Ansin ghlac Dáiví óna láimh a raibh tugtha aici chuige agus dúirt sé léi: “Imigh leat abhaile faoi shíocháin; féach, thug mé cluas duit, agus rinne mé mar a d'iarr tú.”
36 D'fhill Aibíogáil ar Nábál, agus bhí fleá ar siúl aigesean ina theach, fleá mar a mbeadh ag rí. Bhí Nábál meidhreach súgach agus toisc é a bheith ar a chaoil ní dúirt sí focal leis go raibh sé ina lá.
37 Ar maidin lá arna mhárach nuair a bhí an deoch curtha de ag Nábál, d'inis a bhean an scéal go léir dó. Thit an lug ar an lag ag Nábál, rinneadh staic de mar chloch.