4 Nuair a chuala Dáiví san fhásach go raibh Nábál ag bearradh a chuid caorach,
5 chuir sé deichniúr ógánach chuige á rá leo: “Téigí suas go Cairmeil, tugaigí cuairt ar Nábál agus beannaigí dó i m'ainm.
6 Agus labhraigí mar leanas [le mo dheartháir]: ‘Síocháin duit agus síocháin do do theaghlach, agus síocháin do gach a mbaineann leat!
7 Is clos dom go bhfuil an mheitheal bhearrtha agat. Bhí d'aoirí inár dteannta agus ní dhearnamar aon dochar dóibh agus níor chailleadar aon ní i rith an ama go léir a bhíodar i gCairmeil.
8 Cuir ceist ar d'ógánaigh agus inseoidh siad sin duit. Go raibh do ghnaoi dá bhrí sin ar na hógánaigh seo, mar is ar lá féasta a thángamar. Tabhair, le do thoil, cibé ní cóir atá agat ansin do do shearbhóntaí agus do Dháiví do mhac.’ ”
9 Tháinig ógánaigh Dháiví agus dúradar é sin go léir le Nábál in ainm Dháiví agus ansin d'fhanadar.
10 D'fhreagair Nábál seirbhísigh Dháiví: “Dáiví - cé he féin? Cé hé mac Ieise? Is iomaí seirbhíseach atá ag éalú óna máistirí na laethanta seo!