40 Nuair a tháinig searbhóntaí Dháiví go hAibíogáil i gCairmeil, dúradar: “Chuir Dáiví sinne chugat chun tú a fháil mar bhean dó féin.”
41 D'éirigh sise agus chrom go humhal chun talún: “Seo bhur mbanóglach agaibh,” ar sí, “mar dhaoirseach le cosa searbhóntaí mo thiarna a ní.”
42 D'éirigh Aibíogáil ansin go deifreach, chuaigh ar muin asail, agus a cúigear ionailt ina coimhdeacht, agus lean sí teachtairí Dháiví agus bhí aige mar bhean.
43 Thóg Dáiví Aichíonoam ó Izréil chomh maith mar bhean, agus bhíodar araon aige mar mhná céile.
44 Míceal, iníon Shóil, bean Dháiví, bhí sí tugtha ag Sól do Phailtí, mac Laís, ó Ghailím.