1 Ansin tháinig muintir Zíf go Sól i nGibeá á rá: “Nach bhfuil Dáiví,” ar siad, “i bhfolach ar Shliabh Haicíleá lastoir de Ieisímeon?”
2 D'imigh Sól dá bhrí sin agus síos leis go fásach Zíf agus trí mhíle fear tofa as Iosrael aige chun Dáiví a chuardach i bhfásach Zíf.
3 Shuigh Sól a champa ar Shliabh Haicíleá atá le hais an bhóthair lastoir de Ieisímeon. Bhí Dáiví ag cur faoi san fhásach faoin am seo agus chonaic sé go raibh Sól ag teacht ansiúd ar a thóir.
4 Chuir Dáiví lucht braite amach, dá bhrí sin, agus fuair amach go cinnte go raibh Sól tagtha.