14 Ansin ghlaoigh Dáiví ar an arm agus ar Aibneár mac Néar á rá: “A Aibneár, nach dtabharfaidh tú freagra orm?” “Cé tá ag glaoch ar an rí?” arsa Aibneár.
15 D'fhreagair Dáiví Aibneár: “Nach fear thú féin? Cá bhfuil do shamhail in Iosrael? Cén fáth nach ndearna tú do thiarna, an rí, a ghardáil, más ea? Tháinig duine den phobal isteach chun do thiarna, an rí, a mharú.
16 Ní maith mar a rinne tú. Dar an Tiarna beo, tá an bás tuillte agaibh go léir mar nach ndearna sibh bhur dtiarna, fear ungtha an Tiarna, a ghardáil. Féach, cá bhfuil sleá an rí anois, agus an crúsca uisce a bhí taobh lena cheann?”
17 D'aithin Sól guth Dháiví, agus dúirt: “An é sin do ghuth, a Dháiví, a mhic?” “Is é; is é mo ghuth é, a rí, a thiarna liom,” arsa Dáiví.
18 “Cén fáth,” ar sé, “a bhfuil mo thiarna sa tóir ar a shearbhónta? Cad tá déanta agam? Cén choir ina bhfuilim ciontach?
19 Éisteadh mo thiarna an rí anois le briathra a shearbhónta; más é an Tiarna a ghriog thú i mo choinne, glacadh sé le hofráil; ach más daoine a rinne amhlaidh, go raibh mallacht orthu i láthair an Tiarna; óir tá mé ar ionnarbadh acu inniu i dtreo nach bhfuil aon pháirt agam in oidhreacht an Tiarna; dúradar: ‘Imigh leat agus déan seirbhís do dhéithe eile.’
20 Ná lig do m'fhuilse titim ar thalamh i gcéin ó lathair an Tiarna! Óir tá rí Iosrael tagtha amach ar thóir [m'anama] dála duine a bheadh ag fiach na patraisce ar na sléibhte.”