5 Chuir Dáiví chun siúil agus tháinig chun na háite ina raibh a champa suite ag Sól. Chonaic sé mar a raibh Sól agus Aibneár mac Néar, ceannasaí an airm, ina luí. Bhí Sól ina luí istigh sa champa agus na saighdiúirí ina mbothanna ina thimpeall.
6 Ansin labhair Dáiví le hAichímeilic an Hiteach agus le hAibísí mac Zarúá, deartháir Ióáb: “Cé rachaidh síos liom isteach sa champa go Sól?” ar sé. D'fhreagair Aibísí: “Mise; rachaidh mise leat.”
7 D'imigh Dáiví agus Aibísí leo sa dorchadas dá bhrí sin chun an airm agus fuaireadar Sól ansiúd ina chodladh sa champa, a shleá sáite sa talamh ag a cheann agus Aibneár agus an t‑arm ina luí timpeall air.
8 Ansin dúirt Aibísí le Dáiví: “Thug an Tiarna do namhaid i do láimh duit inniu! Déanfaidh mé é a shá go talamh le hiarracht dá shleá féin! Aon iarracht amháin air, ní bhuailfidh mé an dara ceann.”
9 Ach d'fhreagair Dáiví Aibísí: “Ná maraigh é! Óir cé d'fhéadfadh a lámh a shíneadh in aghaidh fhear ungtha an Tiarna, agus ciontacht a sheachaint?
10 Dar an Tiarna beo,” arsa Dáiví, “déanfaidh an Tiarna féin an té sin a threascairt, cibé acu a thagann an bás air ar an bhfód, nó go dtéann sé amach chun catha agus bás a fháil ansin.
11 Nár lige an Tiarna go sínfinn mo lámh in aghaidh fhear ungtha an Tiarna! Ach tóg leat an tsleá anois atá ag a cheann, agus an crúsca uisce, agus imímís linn.”